Fáilte Don Éan

Séamus Dall Mac Cuarta

Fáilte don éan is binne ar chraoibh
Labhras ar caoin na dtor le gréin;
Domsa is fada tuirse an tsaoil
Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir

Cluinim, cé nach bhfeicim a gné
Seinnm an éan darb ainm cuach;
Amharc uirthi i mbarra géag
Mo thuirse ghéar nach mise fuair

Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin
Amharc Éireann deas is tuaidh
Blátha na dtulca ar gach taoibh
Dóibh is aoibhinn bheith dá lua

Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m’amharc d’fháil
Go bhfeicim ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás!
Cuid de mo ghruaim – ní ghluaisim chun cruinnithe le cách
Ar amharc na gcuach ar bhruach na coille go sámh

Curiosités sur la chanson Fáilte Don Éan de Anúna

Sur quels albums la chanson “Fáilte Don Éan” a-t-elle été lancée par Anúna?
Anúna a lancé la chanson sur les albums “Revelation” en 2015 et “Selected 1987-2017” en 2017.
Qui a composé la chanson “Fáilte Don Éan” de Anúna?
La chanson “Fáilte Don Éan” de Anúna a été composée par Séamus Dall Mac Cuarta.

Chansons les plus populaires [artist_preposition] Anúna

Autres artistes de Hard rock