An Bealach Seo 'Ta Romham

Traditional

Is minic mé ag smaoitiú
Is mé ag féachaint ar gach taobh dom
Is feicim sluaite daoiní
Eadar aosta agus óg
'S iad fá dheifre shíoraí
Ag siúl a' bealach céanna
Ina bhfuil mé féin go cloíte
Ag taisteal leo sa ród

Is leanfaidh siad a choíche
Is saint ina gcroíthe
Ag bailiú leo maoin shaolta
Ó mhaidin go neoin
Tá mise ag leanstan daofa
Ní bhfaighidh mé sos ná scríste
Go sroichí mé ceann scríbeadh
Sa bhealach seo 'tá romham

Is iomaí cor is lúbadh
Sa turas chun na huaighe
Is iomaí ábhar buartha
'Casfar ort sa tslí
Ach 's fusa iad a shárú
Le greann agus le gáire
'S a bheith i gcónaí sásta
Nó a theacht le toil an Rí

Is cuma cad é atá i ndán domh
Ag Dia amháin atá a fhios ag sin
Ní bheidh mé choíche cráite
Le buaireamh ná brón
Ach cuirfidh mé mo dhóchas
I nDia mhór na Glóire
Is dhéanfaidh sé mo threorú
Sa bhealach seo 'tá romhainn

Curiosités sur la chanson An Bealach Seo 'Ta Romham de Clannad

Quand la chanson “An Bealach Seo 'Ta Romham” a-t-elle été lancée par Clannad?
La chanson An Bealach Seo 'Ta Romham a été lancée en 1973, sur l’album “Clannad”.
Qui a composé la chanson “An Bealach Seo 'Ta Romham” de Clannad?
La chanson “An Bealach Seo 'Ta Romham” de Clannad a été composée par Traditional.

Chansons les plus populaires [artist_preposition] Clannad

Autres artistes de New Age