Seachran Charn tSiail

Traditional

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom

Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mór

Tharla an ainnir as an taobh aniar dom

Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród

Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim

Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól

Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal

Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós

Bheannaíos féin go preab don mhaighdean

Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór

D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn

A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród

D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine

Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg

Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh

Ar fhear ag bréagadh cailín óg

A chúileann fáinneach, má thug mé grá duit

Ná cuir i gcás mé fá bheith gan dóigh

Agus gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaí bána

Fíon na Spáinne gheobhair seal le hól

D'fhiafir sí domhsa an mar siúd ba ghnách liom

Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró

Is é duirt mé léithi nár chleacht mise 'athrach

Ach ainnir álainn agus gloine ar bord

Níl siúd áit ó íochar Fhanad

Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó

Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach

Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór

Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach

Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair

Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin

'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid

Curiosités sur la chanson Seachran Charn tSiail de Clannad

Quand la chanson “Seachran Charn tSiail” a-t-elle été lancée par Clannad?
La chanson Seachran Charn tSiail a été lancée en 1983, sur l’album “Magical Ring”.
Qui a composé la chanson “Seachran Charn tSiail” de Clannad?
La chanson “Seachran Charn tSiail” de Clannad a été composée par Traditional.

Chansons les plus populaires [artist_preposition] Clannad

Autres artistes de New Age