Cad e sin don te sin

Má théimse chuig áirnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí's gach cruinniú dan tsórt
Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?

Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?
Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?

Má théim'na coille craobhaí, 'cruinniú sméara nó cnó
'Bhaint ulla de ghéaga nó bhuachailleacht bó ;
Má shínim seal uaire faoi chrann' deanamh só
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?...

Chuaigh mé chun aonaigh is dbiol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid's ar giní bhuí óir;
Má ólaim an t-airgead's má bhronnaim an t-ór...
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?...

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earra ná eadáil, gan bólacht nó stór
Má tá mise sásta' mo chónai i gcró...
0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó ?...

Curiosités sur la chanson Cad e sin don te sin de Tri Yann

Quand la chanson “Cad e sin don te sin” a-t-elle été lancée par Tri Yann?
La chanson Cad e sin don te sin a été lancée en 1974, sur l’album “Suite Gallaise”.

Chansons les plus populaires [artist_preposition] Tri Yann

Autres artistes de Traditional music